Cath idir an Pobal agus an Murder Machine by Kerron Ó Luain, Paperback, 9798349317422 | Buy online at The Nile
Departments
 Free Returns*

Cath idir an Pobal agus an Murder Machine

Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023

Author: Kerron Ó Luain  

New
$63.99
Or pay later with
Check delivery options
Paperback

PRODUCT INFORMATION

Description

Tugann an Dr Kerron Ó Luain iniúchadh leitheadach ar chaoga bliain de ghluaiseacht na Gaelscolaíochta in Éirinn. Bunaithe ar thaighde staire béil, chomh maith le foinsí cartlainne agus meán, tugann an saothar seo léargas ar leith ar an gcaoi ar oibrigh pobail ar fud na hÉireann chun earnáil iomlán nua Gaelscolaíochta a thógáil, go minic d'ainneoin fórsaí stáit, coilíneacha agus nualiobrálacha.

Roimh do Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta teacht in inmhe sna 1970í is beag duine a shamhlódh go mbeadh fás as cuimse i ndán do scoileanna lán-Ghaeilge na tíre. Bhí drochbhail ar an nGaelscolaíocht in Éirinn, í ag dul i léig, faoi ionsaí ag an earnáil stáit sa dá dhlínse agus gan tacaíocht i gceachtar acu. In "Cath idir an pobal agus an Murder Machine" Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 déantar anailís ar an gcaoi ar éirigh le gnáth-Ghaeil an taoide a iompú. Baintear leas as breis agus caoga agallamh le gníomhairí agus oideachasóirí, mar aon le nuachtáin na linne agus cáipéisí stáit, chun forbairt na gluaiseachta a chíoradh. Anailís ghéarchúiseach atá sa leabhar, trí lionsaí an díchoilínithe agus aicme, ar ghluaiseacht fhorásach arbh éigean di dul in adharca le córais chaipitleacha agus choilíneacha an dá stát, nó an murder machine, chun a spriocanna a bhaint amach.

Déanann an saothar ceannródaíoch seo, an chéad fhoilseachán de Bhradán Feasa, inphrionta de Iskra Books, an stair áitiúil a nascadh le léargais idirnáisiúnta ar ghluaiseachtaí teanga agus streachailtí oideachais. Is cuntas staire agus teistiméireacht phoiblí é, ag nochtadh na féidearthachta a bhaineann le múnlaí oideachais faoi stiúir an phobail agus eagrúchán ón mbonn aníos. Is acmhainn ríthábhachtach é an leabhar seo do scoláirí staire, teangeolaíochta agus oideachais, agus d'éinne atá tiomanta do thodhchaí bheo a thógáil don Ghaeilge.

Read more

Product Details

Publisher
Bradan Feasa
Published
15th May 2025
Pages
622
ISBN
9798349317422

Returns

This item is eligible for free returns within 30 days of delivery. See our returns policy for further details.

New
$63.99
Or pay later with
Check delivery options